All Seasons

Season 1

  • S01E01 Mícheál Ó Coileáin & Kitty Kiernan

    • January 13, 2021
    • TG4

    300 litir ar fad a sheol Micheál Ó Coileáin agus Kitty Kiernan chuig a chéile idir 1919 agus 1922. Clár é seo a thabharfaidh léargas, tríd an gcomhfhreagras sin, ar an ngrá daingean, domhain a bhí acu dá chéile le linn tréimhse chinniúnach i stair na hÉireann lenar bhain Cogadh na Saoirse, Idirbheartaíocht an Chonartha agus Cogadh an gCarad.

  • S01E02 Robert Emmet & Sarah Curran

    • January 20, 2021
    • TG4

    Clár a thabharfaidh spléachadh ar an ngrá a bhí ag Robert Emmet agus Sarah Curran dá chéile le linn éirí amach 1803. Chuir Emmet drochbhaill air féin agus ar a ghrá geal fad is a bhí sé ag troid ar son shaoirse na hÉireann. Thug sé bróiste álainn do Sarah a raibh cruth na cláirsí air, siombail bhuan ar an ngrá a bhí aige d'Éirinn agus dá leannán. Is féidir an bróiste sin a fheiceáil inniu i Músaem Poiblí Chorcaí.

  • S01E03 Oscar Wilde & Lord Alfred Douglas

    • January 27, 2021
    • TG4

    Sa chlár seo déanfar cur síos ar an ngrá neamhcheadaithe a bhí idir Oscar Wilde agus an Tiarna Alfred Douglas. Scriosadh clann, slí bheatha, cáil agus saol Oscar Wilde mar gheall ar an gcaidreamh a bhí eatarthu i Londain Victeoiriach. Bhí clú agus cáil ar Wilde mar dhrámadóir agus mar an chéad duine a thuil cáil idirnáisiúnta ach tharraing Wilde fearg athair Bosie, Marquess Queensbury, air féin freisin agus rinne sé iarracht Wilde agus a cháil a scriosadh go deo.

  • S01E04 Eibhlín Dubh & Art Ó Laoghaire

    • February 3, 2021
    • TG4

    Cur síos ar an scéal tragóideach a bhaineann leis an dán is mó cáil a cumadh riamh i dtraidisiún béil na hÉireann. Eibhlín Dubh Ní Chonaill, Aintín an Fhuascailteora, Dónall Ó Conaill, a chum Caoineadh Art Uí Laoghaire agus cuirtear an scéal grá tragóideach a bhí idir í féin agus an fear cróga agus curata, Art Ó Laoghaire in iúl sa dán. Caitliceach Éireannach ab ea Art Ó Laoghaire a throid le Huzzars na hUngáire agus a d'fhill abhaile chun seasamh i gcoinne na bPéindlíthe Protastúnacha in Éirinn.

  • S01E05 Maud Gonne & WB Yeats

    • February 10, 2021
    • TG4

    An scéal grá gan chúiteamh is cáiliúla in Éirinn. Ba í Maud Gonne, mórphearsa fheimineach agus réabhlóideach Éireannach, an grá agus an bhé mhór a bhí ag WB Yeats, duine d'fhilí, drámadóirí agus scríbhneoirí próis is cáiliúla ar domhan. Spreag Gonne roinnt den fhilíocht is fearr a scríobh sé, lena n-áirítear 'No Second Troy', sampla den scoth de scéalta grá trioblóideacha leanúnacha. Cé go raibh pearsantachtaí cumhachtacha acu, bhí tionchar buan acu ar stair, litríocht agus polaitíocht na hÉireann.

  • S01E06 Gráinne Ní Mháille & Risteárd an Iarainn

    • February 17, 2021
    • TG4

    Cur síos ar an ngrá mór a bhí ag Gráinne Ní Mháille agus Risteárd an Iarainn dá chéile le linn tréimhse a bhí ag síor athrú in Éirinn Ghaelach sa 16ú haois. Bhí Gráinne Ní Mháille ina ceannaire cumhachtach ar tír agus ar muir in Iarthar na hÉireann lena fear céile, Risteárd an Iarainn de Búrca. Tá a gcaisleán, Carraig an Chabhlaigh, fós ann inniu ar an mbruach thuaidh de Chuan Mó, é ina shiombail den chumhacht a bhí ag Banríon na bhFoghlaithe Mara agus a grá mór, Risteárd in Iarainn.

Season 2

  • S02E01 Grace Gifford & Joseph Plunkett

    • September 6, 2023
    • TG4

    Scéal cumhachtach croíúil faoin ngrá agus íobairt le linn an éirí amach! Bhí an scéal grá is tragóidí in Éirinn i gcroílár Éirí Amach na Cásca 1916. Ghoill scéal Grace Gifford agus Joseph Plunkett ar na milliúin agus is é a spreag an bailéad, "Grace", atá fós inár gcroí inniu. Bhí an-dáimh ag Grace agus Joe lena chéile lena ngrá don ealaín, don fhilíocht, agus a mbrionglóid Éire a scaoileadh saor. Ní raibh muintir Grace ag iarraidh baint ná páirt a bheith acu léi nuair a thug sí le fios go raibh sí geallta le Joe. Fad a bhí Grace ag pleanáil an phósta bhí Joe ag pleanáil Éirí Amach na Cásca.

  • S02E02 Eleanor Butler & Sarah Ponsonby

    • September 13, 2023
    • TG4

    Scéal draíochtúil a chuaigh in aghaidh ghnáis an 18ú haois agus atá fós suimiúil sa lá atá inniu ann. Bhí Eleanor Butler, ó Chaisleán Chill Chainnigh, agus Sarah Ponsonby, dílleachta uasal, meáite ar a bheith le chéile, sháraigh siad noirm shóisialta rud a chruthaigh scannal ag an am. An raibh siad ina leannáin rúnda? Tá ráflaí agus tuairimíocht ar siúl leis na céadta bliain, ach tá rud amháin cinnte: is é seo an scéal grá LADTA+ is mó in Éirinn. Chuir na mná seo gach rud i mbaol trí mhian a gcroí a leanúint, iad ag réiteach an bhealaigh do na glúnta a tháinig ina ndiaidh le go mbeidís ábalta an saol a chaitheamh agus grá a thabhairt ar a gcomhairle féin.

  • S02E03 Michael Joseph O'Rahilly & Nancy Brown

    • September 20, 2023
    • TG4

    Sa bhliain 1896 dhíol Michael Joseph O'Rahilly gnó a mhuintire i gContae Chiarraí, agus as go brách leis go Nua-Eabhrac chun croí Nancy Brown a bhuachan. Bhog siad go Baile Átha Cliath agus le chéile áit a raibh siad ina bhfigiúirí lárnacha sa ghluaiseacht náisiúnach, ag troid ar son shaoirse na hÉireann agus ag fágáil marc doscriosta ar stair na tíre. Bhí siad fite fuaite i Rith Gunna Bhinn Éadair agus in Éirí Amach na Cásca 1916. Lánúin chumhachtach a bhí iontu a bhain súp as an saol, bhí siad chomh tiomanta do shaoirse na hÉireann agus a bhí siad dá chéile agus thug siad gach rud ar son na cúise.

  • S02E04 Martha Witherington & Theobald Wolfe Tone

    • September 27, 2023
    • TG4

    Scéal grá corraitheach Martha Witherington agus Theobald Wolfe Tone a bheidh faoi chaibidil. D'éalaigh an bheirt le chéile agus thug aghaidh ar chathanna, cruinnithe rúnda le Napoleon agus comhchealga réabhlóideacha. Bunchloch de Phoblachtachas na hÉireann a bhí ina ngrá, agus bhí sé ar cheann de na nithe a spreag troid na tíre ar son an neamhspleáchais. D'fhoilsigh agus thiomsaigh Martha dialanna Theobald, rud a spreag na glúnta reibiliúnaithe agus tá an-tábhacht fós leo sa lá atá inniu ann.

  • S02E05 Leslie Price & Tom Barry

    • October 4, 2023
    • TG4

    Scéal grá pléascach é seo. Thit Leslie Price agus Tom Barry go mór i ngrá le linn na tréimhse is suaite i stair na hÉireann. Tá a ngrianghraf pósta ar cheann de na grianghraif is aitheanta in Éirinn. Agus Leslie ag troid sa GPO le linn Éirí Amach na Cásca, throid Tom sa Chéad Chogadh Domhanda. Thit siad i ngrá le linn Chogadh na Saoirse. Bhí Leslie ina ceannaire ar Chumann na mBan agus bhí Tom i gceannas ar Thríú Colún Reatha Bhriogáid Iarthar Chorcaí. Scéal corraitheach faoin ngrá, faoi chogadh agus faoi réabhlóid a fhiosraíonn saol beirte ar athraigh a ngrá cúrsa staire na hÉireann.

  • S02E06 John Mitchel & Jenny Verner

    • October 11, 2023
    • TG4

    Scéal grá spleodrach John Mitchel agus Jenny Verner, grá a thug siad leo trasna cheithre mhór-roinn agus a bhféadfaí é a chur i gcomparáid le rómánsaíocht fhiáin The Quiet Man, scuabadh eipiciúil Ryan's Daughter, agus dráma dochreidte Gone With The Wind. Scéal é seo faoi éalú, éirí amach, gorta, idirbheartaíochtaí dorcha agus díbirt mar aon leis an gcaidreamh paiseanta, neamhghnách polaitíochta a bhí idir an bheirt i gcroílár Chúige Uladh.