Sa chlár seo déanfar cur síos ar an ngrá neamhcheadaithe a bhí idir Oscar Wilde agus an Tiarna Alfred Douglas. Scriosadh clann, slí bheatha, cáil agus saol Oscar Wilde mar gheall ar an gcaidreamh a bhí eatarthu i Londain Victeoiriach. Bhí clú agus cáil ar Wilde mar dhrámadóir agus mar an chéad duine a thuil cáil idirnáisiúnta ach tharraing Wilde fearg athair Bosie, Marquess Queensbury, air féin freisin agus rinne sé iarracht Wilde agus a cháil a scriosadh go deo.