Is mar gheall ar thaibhreamh draoi, capall ollmhór agus tuile a chuireadh an domhain faoi uisce a chuireann Lí Ban tús lena heachtra. Insítear mar a rinneadh maighdean mhara de Lí Ban agus madra uisce dá madra Con.
Tá go leor ceisteanna ag Lí Ban agus Con faoin méid a tharla dóibh. Cé a rinne é seo? Agus cén fáth? Feiceann siad rudaí aisteach faoin uisce chomh maith leis na contúirtí atá mórthimpeall orthu, ar nós Fir Ghorma A' Mhaoil agus iascairí.
Castar Mairi ar Lí Ban agus Con ar bhád iascaigh. Tá Aonghus Óg go mór i mbéal an phobail agus tá eolas ag Mairi faoi.
Insíonn Mairi scéal chailleach an gheimhridh a sháinnigh Brighid i sliabh faoi shneachta. Bhí sé ina chogadh dearg go dtí go bhfuair an t-earrach an ceann is fearr ar an ngeimhreadh. Ní fhacthas Aonghus ná Brighid ó d'imigh siad thar sáile ar chapall bán Aonghusa.
Tugann Lí Ban agus Con aghaidh ar Aonghus, insíonn sé dóibh gurb é Mídenn a chur iallach air an capall a thabhairt uaidh. Insíonn Brighid do Lí Ban gurb é Manannán a chur faoi dhraíocht í.
Bíonn Lí Ban trína chéile tar éis an méid a bhíonn le rá ag Aonghus ach suaimhníonn ceol Naoise í. Tagann giollaí Bhalor chun an Gobán Saor a thabhairt leo, tá Balor ag iarraidh air dún ollmhór a thógáil.
Tá an-imní ar Lí Ban faoin nGobán Saor agus é i ngéibheann ag Balor go dtógfaidh sé dún dó. Iarrann an Gobán Saor cúnamh ar a iníon chliste Áine.
Stopann Lí Ban ag cuardach Manannán nuair a fheiceann sí ollphéist mhara. Ach níl sé in ann chuig Lí Ban agus tagann sí i gcabhair ar Breesha trí chleas a imirt ar an ollphéist. Is fada le Lí Ban go mbeidh cuma daonna uirthi arís.
Tugann Felimí aghaidh ar an Tír Faoi Thoinn agus é sa tóir ar Chnónna an Eolais. Éiríonn leis iad a fháil ach ní bhíonn sé ag súil leis an eolas a fhaigheann sé.
Tá ríocht Mhanannáin sroichte ag Lí Ban agus Con agus tá neart ceisteanna acu dó. Insíonn Manannán dóibh gurb é Balor na Súile Nimhe a chur an domhain faoi uisce agus gurb í Bíreog a shábháil iad trí mhaighdean mhara agus madra uisce a dhéanamh dóibh.
Tugann Lí Ban cuairt ar an bhfathach Bron, tá cumha ar Bron i ndiaidh a dheirféar Branwen a phós Rí Matholwch le gairid. Socraíonn Lí Ban dul sa tóir ar Branwen agus insíonn druid di go bhfuil Branwen i mbaol.
Cloiseann Bron go bhfuil a dheirfiúr i ngéibheann agus téann sé féin agus a shaighdiúirí trasna na farraige chun í a shábháil. Éiríonn leo Branwen a thabhairt abhaile slán sábháilte tar éis an achrainn.
Faigheann Lí Ban amach go raibh Mídenn faoi gheasa ag Balor. Tugann Bíreog nod do Lí Ban go bhfuil draíocht sa gCloch Tathlum. Éiríonn le Bíreog dul i dteagmháil le muintir Lí Bán sa Taobh Thall.