Clár faisnéise faoin bPéine Albanach, crann a ruaigeadh as an tír seo fadó agus mar a tugadh ar ais arís é ó fhoraoisí móra Caladónacha na hAlban. Cé go nglaoitear an Péine Albanach air is crann dúchasach in Éirinn é atá le fáil ar fud Dhún na nGall agus i gCill Mhantáin. Labhróidh Manchán Magan le Donal Magnier údar an leabhair 'Stopping by Woods' chun tuilleadh eolais a fháil uaidh.
An Bheith a bheidh faoi chaibidil anocht. Rachaidh Manchán Magan go Gleann Bheatha i dTír Chonaill atá ainmnithe i ndiaidh an chrainn dhúchasaigh seo. Ag fás ann freisin, tá an leamhán agus is cosúil nach bhfuil aon ghalair ar na leamháin sa gcuid seo den tír. Deirtear gur ag deireadh na hoighearaoise a tháinig an Bheith chun cinn in Éirinn agus is minic gurb é an chéad chrann é a bhachlaíonn san earrach. Labhróidh Manchán le Dónal Ó Cnáimhse chun tuilleadh eolais a fháil.
Tabharfaidh Manchán Magan aghaidh ar Chill Airne áit a bhfuil cuid de na crainn is aoibhne in Éirinn, an Dair Ghaelach ina measc. Tabharfaidh sé cuairt ar choill den Dair Ghaelach darb ainm 'Ullans'. I gCill Airne freisin, tá an Caithne ag fás, crann neamhchoitianta ach dúchasach in Éirinn.
Fiosróidh Manchán Magan stair an iúir a deirtear a bhfuil ceangal idir é agus an tsíoraíocht agus an saol eile. Is minic an crann ag fás i reiligí ar fud na tire. Tabharfaidh sé cuairt ar Reenadinna, coill iúir i gCill Airne, ceann de thrí cinn san Eoraip agus beidh scéal suimiúil aige faoin gcrann iúir i gCo. Fhear Manach.
An Dair Ghallda is ábhar don chlár seo á chur i láthair ag Manchán Magan. Cuirfimid eolas ar an tábhacht a bhain leis an dair ghallda le dúch a dhéanamh fadó agus tabharfaidh Manchán cuairt ar Chanú an Lorgain atá 15 méadar ar fhad agus ar cruthú é ar chomh hard is a d'fhásadh na crainn seo fadó. Rachaidh sé as sin go Charleville le súil a chaitheamh ar chrann ar a dtugtar Rí na nDarach.
An crann fia-úll agus an crann coill is ábhar do chlár na seachtaine seo á chur i láthair ag Manchán Magan. Fiosróidh Manchán na traidisiúin a bhaineann leis an bhfómhar go háirithe traidisiúin na Samhna. Fiosróidh sé an nós a bhíodh ann fadó barrscoitheadh a dhéanamh ar chrainn, rud atá á dhéanamh anois arís agus fiosróidh sé an úsáid a bhaintí as an gcoll le tithe a dhéanamh fadó.
An sceach gheal agus an fhuinseog is ábhar do chlár na seachtaine seo á chur i láthair ag Manchán Magan. Scrúdóidh sé na caora álainn dearga a bhíonn ar an sceach gheal agus a thagann faoi bhláth i dtús an tsamhraidh. Ábhar mór imní an galar atá ag teacht ar an bhfuinseog atá Teagasc ag iarraidh a cheansú.
Stair na bhforaoisí in Éirinn is ábhar do chlár na seachtaine seo á chur i láthair ag Manchán Magan. Breathnóidh sé ar na cineálach tuanna agus na bealaí eile a bhí ann fadó le foraoisí a leagan chun talamh feirme a dhéanamh as. Ag tús an 19ú céad ní raibh ach 1% den tír faoi chlúdach foraoisí. Pléifear an éacht a rinne an togra Avondale ó thaobh crainn a thabhairt isteach ón gcoigríoch chun an tír a athphlandáil go háirithe an Sprús Sitceach.
Nádúrú na gcrann nach crainn dhúchasacha iad ach a tháinig isteach le gluaiseacht daoine is ábhar do chlár na seachtaine seo á chur i láthair ag Manchán Magan. Breathnóidh sé ar chrainn ar nós an crann cnó capaill, an seiceamar, an feá agus an plána Londan. Ba láithreacha trialacha agus tástála do chrainn andúchasacha iad gairdíní ar nós Kilmacurragh i gCo. Chill Mhantáin sa naoú haois déag - agus iad ag iarraidh a fháil amach an bhfásfaidh crainn ón Áise agus as Meiriceá anseo.
Ar Eastat Chúirt an Phaoraigh i gCill Mhantáin a bheidh Manchán Magan an tseachtain seo áit a bhfuil roinnt de na crainn is andúchasaí agus is airde in Éirinn. Casfaidh sé le Michael Byrne príomhgharraíodóir an eastáit a thabharfaidh turas dó ar an eastát. I measc na nithe atá le feiceáil ann tá crónghiúis as na Stáit Aontaithe, Céadar as an Liobáin agus gairdín a dhear muintir Wingfield sa mbliain 1908.