Úna Monaghan explores the opportunities that arise when traditional folk music is confronted with new ideas, breaking all the rules.
A new feature-length documentary follows the Belfast harpist, composer and sound engineer as she records her latest experimental album, Aonaracht. Úna has spent a lifetime steering the course between science and art, examining the intersections between Irish traditional music, experimental music, improvisation and interactive technologies. Influenced by the work of John Cage, Úna has made the form her own.
Aonaracht is one of her most ambitious projects to date, and Úna must now convince other top traditional musicians to embrace the art form she is pioneering: recording an album of solo performances with electronics.
Fiosraíonn Úna Monaghan na féidearthachtaí nuair a bhuaileann ceol traidisiúnta na hÉireann in éadan smaointe nua, a thugann dúshlán do na rialacha.
Leanann fadscannán faisnéise nua an cláirseoir, cumadóir agus innealtóir fuaime agus í i mbun albam úr trialach a thaifeadadh - Aonaracht.
Tá blianta fada caite ag Úna ag obair idir eolaíocht agus ealaíon, agus ag scrúdú na gcrosbhealaí idir ceol traidisiúnta na hÉireann, ceol trialach, tobchumadh agus teicneolaíocht idirghníomhach. Bhí tionchar ag saothar John Cage uirthi, agus le tamall anuas tá a clú féin tuillte ag Úna sa seánra.
Agus Aonaracht ar cheann de na tograí is uaillmhianaí dá cuid, tá ar Úna anois áitiú ar sárcheoltóirí traidisiúnta eile a muinín a chur inti agus sa seánra atá á chur chun cinn aici: ag taifeadadh albam rianta aonaracha measctha le leictreonaic.